Turas chun na Gaeltachta 2025

Chorca Dhuibhne ar feadh deireadh seachtaine den scoth. Ba dheis iontach é seo do na daltaí chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha ag teacht suas go dtí na scrúdaithe béil i rith saoire na Cásca. Bhí spiorad iontach ann agus na daltaí ag fágáil na scoile ar a naoi a chlog ar maidin. Stop siad i gCill Áirne chun a scíth a ligint agus ansin ar aghaidh go dtí an Daingean agus díreach go dtí an Mara Beo. Bhí treoraí ag na daltaí ag tabhairt eolas dóibh faoi na héisc go léir atá le fáil agus cinnte bhain na daltaí an-taitneamh as. Ar aghaidh go dtí na tithe ansin chun bualadh le na mná tí agus dinnéar a bheith acu roimh an gCéilí an oíche sin. Rinne gach uile dalta a ndícheall sa chéilí agus cinnte bhain siad an-taitneamh as. Bhí tuirse an domhain ar gach duine ina diaidh agus abhaile leo go dtí na mná tí arís. 


An mhaidin dár gcionn d’éirigh na daltaí go luath agus bhí ranganna acu ar feadh trí uair an chloig. Tar éis lóin Chuaigh siad timpeall Chinn Sléibhe ar bhus le treoraí ag tabhairt eolais dóibh faoi na radharcanna éagsúla timpeall na háite. Bhí an t-ádh dearg linn mar bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch  agus chuir sé leis an lá cinnte. Chuaigh siad go dtí ionad an bhlascaoid freisin agus d’fhoghlaim siad go leor faoi shaol na n-oileán fadó. Ar ais arís go dtí na tithe leo don dinnéar roimh bhualadh le haghaidh oíche eile den scoth ag déanamh Zumba i halla an phobail. Aontódh gach duine liom nuair a deirim gur buaicphointe an turais é an Zumba. Bhí atmaisféar leictreach ann agus arís ghlac gach uile dalta páirt. Níor fhág aon duine an t-urlár ar feadh dhá uair an chloig agus cuid mhaith de na daltaí ag dul suas ar an stáitse freisin chun a gcéimeanna damhsa a thaispeáint don slua. Bhí áthas an domhain ar gach duine.  Bhí seisiún ceoil againn freisin roimh críochnú suas agus dul abhaile go dtí na tithe arís. Ar an drochuair tháinig deireadh leis an turas an mhaidin dár gcionn agus bhí ar na daltaí slán a fhágáil le na mná tí agus filleadh ar Chorcaigh. B’iontach an slí é tús a chur le seachtain na Gaeilge. 

Maria Brosnan