Gaeilge24 i Scoil Phobail Chionn tSáile

Ghlac muintir Scoil Phobal Chionn tSáile páirt i nGaeilge 24 i mbliana. Ghlac daltaí ón idirbhliain, ón gcúigiú bliain agus ón séú bliain leis an dúshlán - An Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig agus a ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a scaipeadh timpeall na scoile. Ba dheis faoi leith í an Ghaeilge a thógáil amach ón seomra ranga Gaeilge. Chaith siad t-léinte, bandaí láimhe agus greamáin speisialta freisin chun an ócáid a cheiliúradh. Bhain siad ar fad an-taitneamh as, ach go háirithe lucht na séú bliana agus iad ag tabhairt faoin dúshlán chun a bheith réidh don scrúdú cainte a bheidh ag teacht go luath! 

 

D'eagraigh an coiste Gaelbhratach mórán imeachtaí, díolachán cácaí agus céilí mór ina measc. Chuaigh siad timpeall na scoile ag cur an Ghaeilge chun cinn agus ag plé le múinteoirí éigin as Gaeilge. Thug siad tacaíocht dóibh an Ghaeilge a úsáid i ranganna eile i rith an lae. 

Joanne McCarthy