Gaeilge24 i Scoil Phobail Chionn tSáile

Ghlac muintir Scoil Phobal Chionn tSáile páirt i nGaeilge 24 i mbliana. Ghlac breis is 100 dalta ón gcéad bhliain agus on idirbhliain leis an dúshlán An Ghaeilge a labhairt ar feadh 24 uair an chloig agus a ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a scaipeadh timpeall na scoile. Ba dheis faoi leith í an Ghaeilge a thógáil amach ón seomra ranga Gaeilge. Chaith siad t-léinte, bandaí láimhe agus greamáin speisialta freisin chun an ócáid a cheiliúradh. Bhain siad ar fad an-taitneamh as ach go háirithe lucht na chéad bhliana agus iad ag tabhairt faoin dúshlán den chéad uair!

D'eagraigh an coiste Gaelbhratach mórán imeachtaí, díolachán cácaí agus céilí mór ina measc. Chuaigh siad timpeall na scoile ag cur an Ghaeilge chun cinn agus ag plé le múinteoirí éigin as Gaeilge. Thug siad tacaíocht dóibh an Ghaeilge a úsáid i ranganna eile i rith an lae.

Joanne McCarthy