Seachtain na Gaeilge

Rinneadh ceiliúradh ar ‘Sheachtain na Gaeilge’ i Scoil Phobail Chionn tSáile idir an 1ú agus an 17ú Márta agus bhí gach imeacht ar siúl ar líne i mbliana. Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge. Déanann an fhéile iarracht chun an Ghaeilge a spreagadh, chomh maith lenár gcultúr agus gach rud a bhaineann leis. Bíonn an fhéile ar siúl i dtíortha ar fud an domhain, ní hamháin in Éirinn.  I rith na coicíse, bhí imeachtaí beo, comórtais agus gníomhachtaí éagsúla ar siúl ar line, trí mheán na Gaeilge.  Cuireadh gníomhachtaí suas ar an leathanach twitter ‘Gaeilge Cionntsáile’. Bhí rud ann a oireann do gach duine. Mar shampla, gníomhachtaí a bhaineann leis an teanga, spóirt, ceol, dúlra, litríocht agus fiú bácáil.

 

Bhuiagh Sarah Bogler sa chéad bhliain an comórtas póstaeir agus bhuaigh Thomas Collins sa chéad bhliain an tráth na gceist agus an cluiche biongó. Ba iad Isabelle Linehan, Sarah Fitzgetald, Klaudia Macugova, Tamara Kruslin, Camila Weitzman agus Gearoid Kearney na buaiteoirí eile.

 

‘Seachtain na Gaeilge’ was celebrated in Kinsale Community School between the 1st and 17th of March and all events took place online this year. Seachtain na Gaeilge is an international Irish language festival. The festival strives to encourage the Irish language, as well as our culture and everything related to it. The festival takes place in countries all around the world, not just Ireland. During the fortnight, various live events, competitions and activities took place online, through the medium of Irish. Activities were posted on the ‘Gaeilge Cionntsáile’ twitter page. There was something for everyone. For example, activities related to language, sports, music, nature, literature and baking.

 

Sarah Bogler in first year won the poster competition and Thomas Collins in first year won the quiz and bingo game. The other winners were Isabelle Linehan, Sarah Fitzgetald, Klaudia Macugova, Tamara Kruslin, Camila Weitzman and Gearoid Kearney.

Maria Brosnan