An Turas Gaeltachta

Ar an ochtú lá is fiche de mhí Feabhra, chuaigh seachtar daltaí is triocha go dtí an Ghaeltacht I gCeann Trá I gCorca Dhuibhne. D’fhágamar an scoil ar an mbus ar a naoi a chlog agus shroicheamar an Daingean ar a leathuair tar éis a dó dhéag. Chaitheamar dhá uair ag dul timpeall an bhaile agus bhí lón againn ann. Chuaigh beagnach gach duine go dtí an parlor uachtar reoite cáiliúil ‘Murphy’s’. Ainsin ar a trí a chlog shiúlamar síos go dtí an Mara Beo. Bhí turas stiúrtha againn ann agus cinnte, bhain gach duine an-taitneamh agus an-tairbhe as. Ansin ar aghaidh linn go Ceann Trá. Shroicheamar ár dtithe, bhí mé féin ag fanacht i dteach Bríd. Bhí an t-ádh dearg orainn mar thug bean an tí agus fear an tí an-aire dúinn don deireadh seachtaine ar fad agus bhí bia blasta againn chomh maith. An oíche sin bhí léacht againn ar stair an cheantair agus bhí céilí againn chomh maith. Bhain gach uile duine an-sult as na rincí go léir a fhoghlaim. Cinnte bhíomar tuirseach traochta. Gan dabht bhí cupán tae againn nuair a d’fhilleamar ar na tithe agus bhíomar ag caint is ag comhrá.

An mhaidin dar gcionn bhí rang gaeilge againn san ionad phobai dírithe ar an mbéaltriail ar ndóigh. I mo thuairimse b’fhiú go mór é agus is dócha go n-aontódh gach duine liom. Ceapaim gur tháinig feabhas ar mo chuid gaeilge i rith na deireadh seachtaine. Tá súil againn go mbeidh an obair go léir fiúntach I gceann cúpla seachtain don bhéaltriail.

An oíche dheireannach bhí rang Zumba againn. Bhí gach duine ag damhsa agus ag canadh as Gaeilge agus bhí oíche iontach againn.

Ba thaithí iontach é an turas Gaeltachta agus bhain gach duine an-taitneamh as!

Ar son na ndaltaí go léir ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a tháinig in éineacht linn: Ms Hayes, Ms Condon agus Ms McCarthy a d’earaigh gach rud dúinn.

Scríte ag Lucy Plant (6ú Bliain)

 

Maria Brosnan