Turas Gaeltachta

Chaith seachtó cúig dalta ón 6ú bliain an deireadh seachtaine seo chaite ar chúrsa Gaeltachta i gCeann Trá agus i mBaile an Fheirtéirigh i gCorca Dhuibhne. D’fhágamar an scoil ar a 9 a chlog ar an Aoine agus shroicheamar ár gcéad ceann scríbe ar a leath uair tar éis a dó-dhéag - Daingean Uí Chuis! Bhí am saor againn chun bia a fháil agus chun siúl timpeall an bhaile ghleoite. Ina dhiaidh sin, chuamar go dtí an Mara Beo agus gan dabht ar bith, bhain gach éinne an-sult as! Tar éis an turais shúimiúil, ar aghaidh linn go dtí na tithe! Bhuaileamar leis na mná tí agus thug siad an-aire dúinn ar feadh an deireadh seachtaine agus chuir siad fáilte is fiche romhainn - ní feidir a shéanadh ach go raibh an t-ádh dearg orainn!  

An lá dar gcionn, bhí rang iontach againn ar maidin. Fuaireamar flúirse nathanna cainte deasa agus chaitheamar an mhaidin ag cleachtadh na Gaeilge. Bhain gach duine idir thaitneamh agus thairbhe as! Tar éis lóin, thosaíomar ár dturas timpeall Cinn Sléibhe is as sin go hIonad an Bhlascaoid Mhóir. Bhí na radharcanna go hálainn ar fad agus chuir sé tábhacht na mBlascaodaí i stair na tíre in iúl dúinn. An oíche sin, bhí céilí sa halla phobail agus d’fhoghlaimíomar scata rincí Gaelacha. Bhíomar go léir chomh tuirseach le seanchapall tar éis ár n-oíche fhada!  

An mhaidin dar gcionn, bhí orainn dul abhaile. Chaitheamar an deireadh seachtaine ag spalpadh na Gaeilge agus táimid cinnte gur fhoghlaimíomar scata Gaeilge! Níor theastaigh ó éinne dul abhaile ach ní raibh aon rogha againn ach dul ar ais go dtí an obair – is baolach!!  

Ar son na ndaltaí go léir a ndeachaigh go dtí an Ghaeltacht, Ní bheimis ábalta dul ar thuras chun na Gaeltachta gan ár múinteoir Ms Ní Chearbhaill a d’eagraigh gach rud dúinn – mile buíochas! Ba bhreá linn buíochas a ghabháil le gach múinteoir a tháinig in éineacht linn – Ms Dunne, Ms R Hayes, Mr Fitzgerald agus Ms J McCarthy. 

Joanne McCarthy