Seachtain na Gaeilge 2023

Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl inár scoil ón 6ú go dtí an 10ú Márta i mbliana. Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge. Déanann an fhéile iarracht chun an Ghaeilge a spreagadh, chomh maith lenár gcultúr agus gach rud a bhaineann leis. Bíonn an fhéile ar siúl i dtíortha ar fud an domhain, ní hamháin in Éirinn. Bhí neart imeachtaí agus spraoi againn le linn na seachtaine ag spreagadh na Gaeilge timpeall na scoile. Ar dtús, Chuaigh Aengus Price agus Aoibheann Ferguson, na cathaorlaigh, ar an idirchum chun tús a cur leis an tseachtain. Tar éis an fógra, cuireadh tús le ‘‘Aimsigh an Gadaí.’’ Thugamar leideanna éagsúla do na daltaí agus bhí orthu a fháil amach cén múinteoir a raibh ina gadaí gach lá den tseachtain. Bronnadh duaiseanna ar Claire Boyle ón gcéad bhliain, Conor Burke ón gcéad bhliain agus Ellie Sheedy ón triú bliain. Bhain gach duine sult as an cluiche seo. 

Ghlach an chéad bhiain páirt i gcomartas postear a bhí ar súil mar chuid de Seachtain na Gaelige. Fuaireamar a lán postearí álainn ó na daltaí . Bhronadh an chéad duais ar Claire Boyle agus a postaer cruthaitheach le bláth daithiúl agus seanfhocal iontach. Chuireamar na postearí suas ar na ballaí i ndorchla ‘I’ chun iad a thaispeáint don scoil go léir.  

 Bhí comórtas amhránaíochta curtha ar fáil don chúigiú bhliain, agus bhí an-craic again! Bhí orthu amhráiní Gaeilge a chanadh ar an stáitse, os comhair na ranganna Gaeilge eile sa bhliain, agus bhain siad an-sult as! Ghlac na múinteoirí ceoil páirt freisin mar mholtáirí agus bhí buateoirí againn ag an deireadh, - rang Ms McCarthy! Chan siad leagan Gaeilge den amhrán - ‘‘Glad You Came’’ le ‘‘The Wanted.’’ Chun críoch a cur leis an ocáid, sheas gach duine suas agus chanamar Amhrán na bhFiann! Deireadh iontach a bhí ann.

Tháinig cuirteoir ó UCC isteach chun labhairt leis na daltaí sinsearacha maidir le buntáistí na Gaeilge. Labhair sí faoi na cúrsaí ollscoile atá bainteach leis an nGaeilge agus na postanna éagsúla atá ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Bhí sí an-simúil agus cheap gach duine go raibh an caint so go hiontach!

Mar dheireadh, d’eagraíomar Maidin Bricfeasta ar an gCéadaoin. Chabhraigh a lán daoine chun bia a ullmhú sa seomra tíos. Scapamar i measc cúig ghrúpa. Bhí triúr nó ceathrar i ngach grúpa. Fuaireamar na oidis, bhaileamar na comhábhair, agus thosaíomar ag obair. Rinneamar gach sórt bia, scónaí (le glútan, agus saor ó ghlútan), vaiféil, pancóga agus muffíní fraochán mar shampla. Tar éis sin, thosaíomar ag ullmhú ispíní, bagúin, putóga dubh agus pútóga bán. Bhí an boladh sa seomra go hálainn. Ansin, thánaigh na daltaí san Idirbhliain isteach. Bhí plátaí in aice leis an tslí isteach agus ba fhéidir leo siúil timpeall an tseomra chun bia a thógáil. Bhí sé an-ghnóthach agus d’imigh an bia as radharc  i bpreabadh na súl. Ag an deireadh, bhí tuirse orainn ach bhíomar ar mhuin na muice ag an am céanna. Ní dhéanfaimid dearmad ar an seachtain sin go deo!

Seachtain den chéad scoth a bhí ann gan aon ago! Mar a deir an seanfhocal: “ Beatha teanga í a labhairt.”  

Joanne McCarthy