Gaeilge24 – Lá iontach taitneamhach!
Ghlac 115 dalta páirt sa dúshlán Gaeilge24 ar an 12 Samhain 2019. Taispeánann an uimhir seo go bhfuil an teanga beo beathach sa scoil seo! Lá iontach taitneamhach a bhí ann agus bhí atmaisféar áthasach timpeall na scoile. Bhí an Coiste Gaelbhratach ar scoil go luath ar maidin chun na t-léinte a thabhairt amach. Bhí t-léinte dearga ar fud na scoile agus bhí na hallaí glórach le Gaeilge!
An chéad imeacht a rinneamar ná Gaeilge Ghasta leis an Idirbhliain ar fad. Bhí orainn labhairt le daoine inár mbliain ar feadh dhá nóiméad agus ansin bhogamar go dtí duine nua. Bhí a lán craic again ag caint le daoine nua. Chomh maith leis sin, bhí maidin chaife ar siúl agus d’itheamar cácaí agus brioscaí blasta! Níorbh fhéidir linn píosa eile a ithe mar bhíomar lán go béal! D’fhéachamar ar scannán Harry Potter as Gaeilge freisin. Bhí sé go hiontach agus bhain an Idirbhliain a lán taitnimh as!
Ach ní raibh an lá don Idirbhliain amháin! Ghlac 40 dalta ón gcéad bhliain agus cúpla dalta ón gcúigiú bliain páirt sa dúshlán freisin. D’ullmhaíomar maidin chaife agus Ghaeilge Ghasta don chéad bhliain agus bhí sceitimíní áthais orthu. Thug an Coiste Gaelbhratach cabhair chun tráth na gceist a chur ar siúl don chéad bhliain agus ba léir go raibh a lán daoine an-láidir sa Ghaeilge sa chéad bhliain! Comghairdeas leo!
Bhí díolachán cácaí ar siúl ag am sosa agus chonaiceamar duine ag rith chugainn nuair a chonaic siad na cácaí blasta!! Fuaireamar €200 ón díolachán cácaí chun cabhrú leis an Turas Gaeltachta don séú bliain. Bhíomar an-sásta!
Is léir go raibh lá iontach taitneamhach ag gach duine agus b’fhéidir go labhróimid níos mó Gaeilge timpeall na scoile anois! Mar a deirtear: “Beatha Teanga í a labhairt!”
Le Sarah Fitzgerald, Aoife Walsh, Mia Casey agus Lily Fitzgerald (Idirbhliain)